Tá 90% den ghrianghrafadóireacht agus den fhísghrafadóireacht bunaithe ar an sreabhadh oibre céanna, agus is cúis bhróid dúinne an dá sheirbhís seo a thairiscint dár gcliaint.
Tuigeann muid go bhfuil an scoth uait, agus tá a fhios againn, go réalaíoch, go dteastaíonn sé ó do lucht féachana láithreach bonn.
Ach, nuair a bhíonn an seat aonarach, foirfe, sin dhíth, is fearr i gcónaí díriú ar cheann amháin nó an ceann eile.
Sin é an fáth go gcuirimid glaoch ar Conor McCabe. Glacann Conor grianghraif den scoth de dhaoine agus imeachtaí fá choinne réimse leathan cliant corparáideacha agus caidrimh poiblí i mBaile Átha Cliath, bíonn sé ag taisteal fud fad an domhain ag cruthú íomhánna den chéad scoth.
Tá an dúil chéanna againn in obair theicniúil ealaíonta den scoth a sholáthar go gasta, rud a chiallaíonn go mbíonn a chuid íomhánna i gcónaí le feiceáil sna páipéir nuachta náisiúnta agus áitiúla, in irisleabhair agus i suímh ar fud na tíre.
Cur sin taobh le taobh le séirbhís uathúil eagarthóreacht-ar-an-láthair is againne, agus ní bheidh ort riamh arís preas-ráiteas a scaoileadh le snap gasta uaidh d’iPhone – Is féidir linn lucht féachanna is agat a chur i lár an aonaigh agus iad sa bhaile ar a dtoilg féinigh.