Cliaint – Acmhainní Teoranta – Sainchomhairleacht Digiteach

Cliaint de chuid Acmhainní Teoranta

BML Media Logo

BML Media

Is grianghrafadóir ailtireachta agus fáilteachais den scoth é Brian Mac Lochlainn, agus oibríonn muid leis go rialta chun íomhánna agus físeanna d’ardchaighdeán a léiriú.

Conradh na Gaeilge Logo

Conradh na Gaeilge

Is eagraíocht chultúrtha é Conradh na Gaeilge, atá freagrach as an cultúr agus an teanga Ghaelach a chur chun tosaigh ar fud an domhain. Oibríonn muid leo go rialta le cinntiú go bhfuil na sócmhainní digiteacha is fearr acu ó taobh íomhánna, físeáin agus straitéise de le leanúint ar aghaidh leis an obair thábhachtach sin.

Seactain na Gaeilge Logo

Seachtain na Gaeilge

Is eagraíocht neamh-bhrabúis é Seachtain na Gaeilge a chuireann an teanga chun tosaigh trí fhéile idirnáisiúnta Gaelach coicíse a eagrú ar fud an domhain gach Márta. Is mian linn lámha cúnta a thabhairt leis sin.

RTE Digital Logo

RTÉ Digital

An taobh digiteach den craoltóir náisiúnta in Éireann, bhí sé de phléisiúr dúinn oibriú leo mar físghrafadóir, sainchomhairleoir digiteach, léiritheoir, eagarthóir agus láithreoir ar an web summit, mar aon le himeachtaí eile i rith na mblianta.

SNP Logo

SNP Communications

Is comhlacht cumarsáid cheannasaíochta iad SNP Communications, agus oifigí acu in San Francisco, Nua Eabhrac agus Baile Átha Cliath. Oibríonn muid leo go minic le daoine maithe a aimsiú le lámha cúnta a thabhairt dóibh cur i láthair níos fearr a dhéanamh.

Whackpack Furniture Logo

WhackPack Furniture

Is comhlacht dearadh troscáin iad WhackPack atá lonnaithe i Muineachán. Thug muidinne lámha cúnta dóibh an kickstarter is mó a raibh rath air riamh in Éireann a reáchtáil. Féach an cás-staidéar anseo.

Bumbleance Logo

BUMBLEance

An tseirbhís náisiúnta otharcharr do leanaí, is é feidhm an BUMBLEance taisteal saor ó strus a thairiscint do leanaí tinne i bhfeithiclí spraoíúla, slán agus den chineál is úire dá bhfuil ann. Tá Acmhainní Teoranta bródúil as tacaíocht a thabhairt don obair thábhachtach seo.

Dublin Region Homeless Executive Logo

Dublin Region Homeless Executive

Is iad an DRHE an príomh-údarás dleathúil in Átha Cliath atá freagrach as easpa dídine sa chathair. Cabhraíonn muid go minic leo cumarsáid a dhéanamh le páirtithe iomchuí agus uasdátú a dhéanamh ar a dteachtaireacht.

Raveoid Logo

Ravelóid

Féile cheoil Ghaelach a bhí in Ravelóid a bhí beartaithe i gcomhair Caisleán Mullach Íde don samhraidh 2016. Chuidigh muid leo an teachtaireacht a scaipeadh trí físeáin a chur le chéile a scaip an scéal fud fad na tíre.

Masterkabin Logo

MasterKabin

Chuir MasterKabin réiteach s’acu ar an easpa dídine i láthair le teach modúlach ar an Trá Thuaidh i Deireadh Fómhair 2015, agus chuidigh muidinne leo a dteachtaireacht a scaipeadh le híomhánna agus físeán.

Virgin Media Logo

Virgin Media

Rinneadh Virgin Media de UPC Ireland le go leor poiblíochta. Féach an cás-staidéar anseo  ar an dóigh ar chuidigh muid leo.

MOM Services Limited Logo

MOM Services Limited

Chuidigh MOM Services le MasterKabin ar an Trá Thuaidh, agus bhí muidinne ann le lámha cúnta a thabhairt dóibh.

Yes Equality Logo

Yes Equality

Ar an 22ú Bealtaine 2015, sheol Éire teachtaireacht soiléir den ghrá agus den chaoinfhulaingt don domhain, an chéad tír riamh le comhionannas pósta a cheadú trí vóta. Bhí bród orainn mí a chaitheamh ar an bhfeachtas chun sin a bhaint amach.

Foras na Gaeilge

Foras na Gaeilge

Tá Foras na Gaeilge freagrach as an Ghaeilge a chur chun cinn ar fud na hÉireann. Táimid sona sásta cabhair a chur ar fáil le sin a dhéanamh chomh minic agus is féidir.

Tá Comhionannas Logo

Tá Comhionannas

Is é an feachtas Gaelach de chuid Yes Equality ná Tá Comhionannas. Bhí bród orainn cabhair a thabhairt dóibh teachtaireacht is acu san a chur trasna san am céanna agus an feachtas Béarla ag titim amach.

Monaghan Has It Logo

Monaghan Has It

Tháinig lucht ghnó Mhuineacháin le chéile le taispeáint go bhfuil rud éicint faoi leith le thairiscint ag an mbaile. Chuir sé ríméad orainn cabhrú leo.

Vision2020 Dublin Forum Logo

Vision 2020

Imeacht óstaithe ag Google Ireland agus an Taoiseach Enda Kenny a bhí in Vision2020, a bhí sé mar aidhm aige an tír is fearr ar domhain le startup nua a bhunú a dhéanamh as Éireann.

Style Fix Monaghan Logo

Monaghan StyleFix

Mar chuid de Monaghan Has It, eagraíodh seó faisin a raibh na siopaí áitiúla uilig páirteach ann chun earraí an bhaile a léiriú. Bhíomar an-sásta bheith ann le taifead a dhéanamh den ócáid.

Active Retirement Ireland

Is chúis bróid dúinn tacaíocht a thabhairt do Scoir Ghníomhach Éireann, agus seirbhísí iniúchta digiteacha, grianghrafadóireachta agus físghrafadóireachta a chur ar fáil dóibh.

Baseball Ireland

Cé gur rugbaí an chluiche is ansa linn, táimid breá sásta sult a bhaint as an caitheamh aimsire cliútach Meiriceánach seo. Cuireann muid seirbhísí grianghrafadóireachta ar fáil do Baseball Ireland go minic.