Sa bhliain 2015, tháinig dearthóir óg chugainn agus smaoineamh sách craiceáilte aige. Bhí plean ag Benny Magennis ó WhackPack Furniture an ruaig a chur ar an leac-phaca míofar faoi dheireadh is faoi dheoidh, agus bhí draíocht Acmhainní Teoranta uaidh, chun é a chur ina chríoch.
Is é an “Creepie Stool”, an tionscadal suaitheanta atá ag Benny: stól feidhmiúil, taitneamhach, faiseanta agus galánta, atá fóirsteanach don cách. Baintear leas as ‘bodging’ – seanmhodh siúinéireachta Éireannach – le cinnte a dhéanamh nach purgadóir é troscán a chur le chéile. Níl uait ach máilléad, ding, agus rúinín beag den lascadh sean-fhaiseanta. Bhí Troscán an WhackPack saolta.
Bhí Benny ag iarraidh €15,000 a bhailiú ar Kickstarter le tús níos fearr a chur leis an tionscnamh. “Deacair”, a cheap muid, “ach níl sé dodhéanta”, go háirithe mar go raibh Benny i ndiaidh ruainne beag físe a thaifeadadh cheana féin. Thug an físeán sin léargas dúinn ar cé hé Benny, cad é a bhí uaidh go díreach, agus níos tábhachtaí ná sin, an spás fisiceach ina raibh sé ag iarraidh an obair a dhéanamh.
Thosaigh Acmhainní Teoranta ag obair ar choincheap a shainiú fá choinne físeán a chuirfeadh scéal Benny chun cinn ina fhocail féin, agus a mhíneodh cé chomh simplí is a bhí smaoineamh s’aige. Rinneamar agallamh leis, agus thapaigh muid an deis lá a chaitheamh leis ina cheardlann siúinéireachta, agus na ceamaraí linn.
Agus na píosaí scannánaíochta sin againn, mar aon le script a chuir muid le chéile, bhíomar in ann gar nó dhó a chuartú ó dhaoine ar nós Aoibhinn McGinnity as “Love/Hate” agus “The Trial”, agus níorbh fhada go raibh “The Whackpack Furniture Story” curtha le chéile againn.
Léirigh muid freisin cúpla píosa gairid a mhínigh an tairiscint ar na meáin shóisialta agus eile, agus roimh i bhfad, bhí an sprioc maoinithe ar Kickstarter bainte amach agus sáraithe againn.
Is léir uaidh sin, gur cuma más gnó beag le smaoineamh maith, nó cuideachta ilnáisiúnta atá ag iarraidh bolscaireacht a dhéanamh atá agat, gur féidir le hAcmhainní Teoranta cuidiú leat, fad is go bhfuil scéal le hinsint agat (Tá, dála an scéil…).
Má tá spéis agat tuilleadh a fhoghlaim, téigh i dteagmháil, agus beidh muid in ann é a phlé le bolgam caife!