Is féile spreagúil eisceachtúil é InspireFest a dhéanann ceiliúradh ar an teicneolaíocht, an eolaíocht, an dearadh, agus na healaíona, agus a bhfuil an ilchineálacht agus t-iniamh ina lár.
Titeann an phríomhfhéile amach i lár na nDugaí Sileacain, in amharchlann Bhord Gáis, agus tugtar cuireadh don lucht freastail dhá lá a chaitheamh ar maos i gcainteanna agus i gcomhráití spreagúla le smaointeoirí dochreidte idirnáisiúnta atá ar thús cadhnaíochta san eolaíocht, sa teic agus sa nuálaíocht.
Bhí Acmhainní Teoranta ann i 2016 agus 2017, in éindí le Silicon Republic, SNP Communications, agus Conor McCabe Photography (i measc dreamanna eile), a tháinig le chéile chun “an fhéile is fearr san Eoraip do lucht éirime” a chur le chéile.
Chuir muid pacáistí le chéile de na buaicphoíntí gach lá, a bhí ar fáil ar an scáileán mór sular fhág an t-aoí-chainteoir deireanach an stáitse, mar aon le pacáiste a chuireann in iúl dóibh siúd nach raibh annto mar thoscairí nó mar urraitheoirí, cad é go díreach a bhí caillte acu.
I gcroílár na féile, bíonn imeacht chlúiteach imeallach, mar ar féidir leo siúd atá ag freastal ar an fhéile a scíth a ligean le bia, comhluadar, agus siamsaíocht den chéad scoth.
Más mian leat a fháil amach conas a d’éirigh linn na físeáin seo a dhéanamh chomh gasta, nó táirge den chineál céanna a dhéanamh duit féin nó do do bhranda, déan teagmháil linn agus inseoidh muid duit – le linn bolgam caife a ól b’fhéidir.