Acmhainní Teoranta Gearrliostaithe fá choinne Gradam Margaíochta le Gaeilge 2018!

Tá riméid orainn bheith gearrliostaithe i gcomhair an gradam margaíochta le Gaeilge de chuid an Institiúid Margaíochta i mbliana!
Is é an clár Ghradaim Mhargaíochta uile-Éireann, eagraithe ag an Institiúid Margaíochta na hÉireann, ná an príomh dóigh aitheantas a thábhairt ar rath na daoine gairmiúla san earnáil mhargaíochta sa tír seo, mar aon leis an méid a thugann siad chun an géilleagar a fhorbairt anseo in Éireann a chéiliúradh.

Tá sé an-tábhachtach sa mhargaíocht bheith in ann idirdhealú a dhéanamh, agus is bealach an-láidir le seasamh amach ón slua é an Ghaeilge a úsáid. Tá seo ag éirí níos coitianta i measc gnólachtaí in Éirinn, agus iad ag iarraidh aird a tharraingt ar an áit arb as dóibh agus ar luachanna a mbranda. Tá na breithimh ag lorg samplaí de ghnólachtaí a bhain tairbhe as féidearthachtaí margaíochta na Gaeilge agus an dátheangachais, agus a d’úsáid seo le tacú le brandáil agus le hionad a aimsiú sa mhargadh. D’fhéadfadh iarrthóirí bheith ag úsáid na Gaeilge le custaiméirí nua a mhealladh, le dílseacht custaiméirí a neartú, le dea-thoil a tharraingt chucu féin ar chostas measartha íseal, le buntáiste margaíochta a fháil i leith a n-iomaitheoirí, nó a n-iarrachtaí maidir le caidreamh poiblí a fheabhsú.

Bhí Acmhainní Teoranta luaite as an méid a dhéanann muid gach uile lá chun na caighdeáin is fearr a bhaint amach ar son ár gcliaint i mBéarla nó i nGaeilge ar bhealach a chuireann leis an dá theanga in áit a bhaint dóibh.

Deir Matt Kavanagh, Cathaoirleach an Phainéil:
“The quality of entries to the Marketing Institute’s awards programme this year has been very high, reflecting a broad swathe of successful marketing strategies and initiatives undertaken over the last year. Excellent entries did not make it to the shortlist and I would like to congratulate the marketing professionals from wide and varied sectors and backgrounds who have created such an outstanding array of entries to this major awards programme.”

Anois, beidh deis againn cur i láthair a dhéanamh os comhair na moltóirí i lár mí Aibreán, lá ar a mbeidh buaiteoir roghnaithe, agus coinnithe rúnda go dtí an ócáid chéiliúrtha san óstán Clayton i lár Mí Meitheamh.

Is iad na comhlachtaí eile in a mbeidh muid i gcomórtas leo ná: Energia, Eyre Square Shopping Centre, Largo Foods, agus RTÉ – so beidh ár méara crosach ar a chéile againn i measc comhluadar uasal mar sin!

Acmhainni Teoranta
Freagra ar bith

Fág freagra