Feb
MAR SIN – TÁ FÍSEÁN UAIT, ACH NÍ THUIGEANN TÚ CONAS TÚS A CHUR LEIS?
Má tá tú ag iarraidh gnó s’agat a chur chun cinn ar líne, ach gan físeán agat a insíonn do do chustaiméirí cé thú féin, níl an leas is fearr á bhaint agat as an deis atá os do chomhair.
Ainneoin do mhíle dhícheall, níl spéis ag éinne i gcarnán mór téacs a léamh na laethanta seo.
Féach ar chomhréir agus struchtúr an ailt seo. Tá píosaí beaga téacs ann, a sheasann leo féin, ionas gur féidir leis an léitheoir míniú a bhaint astu go gasta.
Tá an t-idirlíon imithe i dtreo an fhíseáin, agus ní leor i dtéacs a thuilleadh. Tá, ar a mhéid, 6 soicind agat le dul i bhfeidhm ar chuairteoirí nua chuig do shuíomh.
Ní mór dóibh glaoch láidir chun gnímh a fheiceáil laistigh den 6 soicind sin. Rud éicint a mheallann iad chun gliogáil ar chnaipe agus tuilleadh a fhoghlaim. Is ansin atá físeán thar a bheith tábhachtach.
Tá. Físeán. Uait.
Nó ar an laghad ilmheán de shaghas éicint, atá cuí freisin. Más cuideachta mhór cuntasaíochta sibh, ní fiú postáil Facebook i stíl Buzzfeed a úsáid. Tá táirge gairmiúl, ábhartha, tarraingteach uait.
Is fíor sin, is cuma cé tú féin.
Mar sin, cad a dhéanann tú mura bhfuil a fhios agat conas físeán snasta gonta teagascach a dhéanamh? Conas é a dhéanamh ar chostas íseal, ach ar ardchaighdeán?
Mar a tharlaíonn, tá neart gur féidir leat a dhéanamh. Ar an gcéad dul síos, tá trí cheist le fhreagairt agat:
- Cé thú féin?
- Cad go díreach atá le rá agat?
- Cé leo a bhfuil tú ag iarraidh é a rá?
Nuair atá tú ábalta na ceisteanna seo a aithint agus a fhreagairt go gasta gonta, beidh 90% de theachtaireacht shainiúil d’fhíseáin agat. Smaoinigh orthu mar do chur i láthair digiteach.
Bíodh meas agaibh ar am daoine eile, agus déan cinnte gur féidir leat a insint dóibh – agus níos tábhachtaí arís, go mbeidh siad sin ábalta a insint do daoine eile – cad é go díreach a dhéanann tú. Is mar sin a úsáideann tú físeán le margaíocht éifeachtúil a dhéanamh ar do shon.
Agus sin déanta, is féidir leat giota taighde a dhéanamh ar a bhfuil á dhéanamh ag daoine eile atá sa spás céanna leat féin. Geallaim duit go bhfuil go leor ábhair ar YouTube a chuideodh leat. Aimsigh é, breathnaigh air, agus déan amach cad é go díreach a dhéanfadh an jab duitse. Ná bí buartha faoi bhuiséad ag an tráth seo, níl uainn ach smaoineamh láidir.
Ag an tráth seo, ba chóir go mbeadh dhá rud agat:
- Do theachtaireacht
- Stíl fhísiúil
Táimid réasúnta cinnte go bhfuil rud áirithe eile agat fosta: Ceamara. Ar do ghuthán, DSLR nó fiú ceamara gairmiúil stiúideó agat ina luí thart… Tá sé ar do chumas cheana féin físeán a thaifeadadh duit féin.
Gabh amach agus bain triail as. Féach ar cad a oibríonn duit, agus cad nach n-oibríonn. Má tá leid nó dhó uait, amharc anseo.
Anois, tá sé in am breathnú ar bhuiséad. Beidh cabhair ghairmiúil de dhíth ort ag pointe áirithe agus is féidir le daoine ar nós Acmhainní Teoranta sin a chur ar fáil. Más féidir leat bileog eolais chruinn a thabhairt dóibh, a léiríonn go soiléir cad é atá uait, tá airgead sábháilte agat cheana. Mura bhfuil ar daoine rith anonn agus anall chun soiléiriú a dhéanamh ar an tionscadal, níl siad ag cur a gcuid ama amú.
Go bunúsach, tá cuid mhaith den obair chruthaitheach déanta agat cheana féin, agus is féidir le daoine tosú ag cabhrú leat láithreach.
Má tá tuilleadh eolais uait ar conas gur féidir linn cabhrú leat ábhair margaíochta den chéad scoth a chur le chéile do do ghnó, atá oiriúnach don bhuiséad atá agat, agus an táirge a chur ar fáil go gasta, níl le dhéanamh ach dul i dteagmháil linn. Is féidir linn suí thar cupán caife agus d’fhís, agus d’fhíseán, a phlé.
Freagra ar bith