Jan
Cén Dóigh a Eitlím Dordán ar Bhealach Slán
Cén dóigh a eitlím dordán ar bhealach slán / duine éicint eile a fháil chun é a dhéanamh ar mo shon?
Níl aon amhras faoi, tá dordáin le féiceáil i ngach uile áit na laethanta seo. Tádar ag éirí níos saoire freisin, agus mar thoradh, tá deis againn breathnú ar an domhain uaidh uileann iomlán éagsúil. Tá craic ag baint leo, gan amhras, ach ag an am céanna, ní bréagáin atá iontu. Ardaíonn siad ceisteanna tromchúiseacha faoi príobháideachas, mar aon le cúrsaí slándála. Tá buntáistí ag gabháil leo, ach tá fadhbanna gur féidir teacht aníos freisin – fé mar a bhíonn l’aon téic nua.
Tá comhlachtaí gairmiúla tagtha chun solais fud fad an domhain, ag iarraidh sainiú a dhéanamh ar cad is féidir agus cad nár féidir a dhéanamh le dordáin, ag braith ar reachtaíocht na tíre ina bhfuil siad – ach tá rud amháin i gcoitinn acu uile: Ní mhór duit bheith slán agus tú ag eitilt.
Ní haon eisceacht í Éireann, agus tá reachtaíocht foilsithe le tamall anuas mar gheall ar dordáin, is cuma más cuideachta gairmiúl thú, nó nach bhfuil ann ach giota craic. Is í an phíosa reachtaíochta is tábhachtaí ina measc ná S.I. 563/2015 – The Irish Aviation Authority Small Unmanned Aircraft (Drones) and Rockets Order, 2015 (maith dúinn, níor éirí linn teacht ar leagan Gaeilge go fóill), árna dhéanamh ar an 21ú Nollaig, 2015.
So, céard atá ann, go díreach?
Is liosta rialacha é S.I. 563, mar gheall ar cad go díreach atá agus nach bhfuil ceadaithe agus dordán in úsáid agat in aerspás na hÉireann. Tá sé chomh simplí sin.
Cad go díreach atá ann?
Tá cúpla foráil sa ionstram, ina measc:
- Tá feidhm ag an bhforáil ar aon aerfheithicil gan foireann thar 1kg troime, agus deireann sé go bhfuil ar a léithéid bheith cláraithe leis an údarás eitlíochta na hÉireann.
- Clúdaíonn sé na rialacha faoi úsáid a bhaint astu in aerspás coiscthe / srianta den grád C, mar shampla, níos lú ná 5km ó aerpháirc (agus i bhfad níos mó dóibh ann ná mar a cheapfá…).
- Tá cosc ar leas a bhaint as drón / dordán laistigh de 30m uaidh aon rud / duine nach bhfuil faoi smacht díreach is agat mar phíolóta.
- Agus 12 nó níos mó in aon grúpa nach bhfuil faoi smacht díreach is agat, níl cead dul níos lú ná 120m uathu.
- Ní mhór líne amhairc dhíreach agat ar an dordán, agus níl cead é a chur níos mó ná 300m uait riamh.
- Níl cead dul níos airde ná 120m (400troigh) thar an talamh / uisce – tá ciall le seo, os rud é gurb é an urlár fá choinne eitilt le foireann ná 500 troigh, rud a chiallaíonn go bhfuil bearna eadraibh.
- Níl cead aon rud a ligint titim ar parasiút nó ar aon bhealach eile uaidh aerfheithicil beag gan foireann.
- Má tá meáchan de 4kg nó níos mó i gceist le do dordán, ní mhór traenáil agus ceadúnas faoi leith a bhaint amach.
Is dócha gur neart rialacha atá i gceist anseo, ach seasann siad le chiall. Tádar ansin le chínntiú gur féidir sult slán agus taitneamach a bhaint as an teic nua seo. Tá pionóis réasúnta tromchúiseach ann iad a shárú, agus an cosúlacht ar an scéal ná go mbeadh siad níos measa arís fé mar a leanann muid ar aghaidh. Faoi láthair, is féidir an trealamh a bhaint d’aon duine gafa le dordán nach bhfuil cláraithe ag an IAA, ag ball ar bith den Garda Síochána / gníomhaí den IAA céanna, agus dár leis an Law Society Gazette ná gur chóir smaoineamh ar dordáin mar aon feithicil eile, ar nós carr, agus na hiarmhairtí ar míúsáid a bhaint astu siúd.
Ach cad faoi bheith mar oibritheoir gairmiúl / cliant, agus fáth faoi leith agat na rialacha seo a bhriseadh?
Tá foráil in Alt 9, a ligeann duit, mar ceadúnaí, cur isteach ar chead faoi leith chun eitilt faoi leith a dhéanamh. Ciallaíonn sé sin gur feidir, laistigh de réasúin, na rialacha a bhriseadh ar dáta faoi leith, fad is atá measúnú riosca tugtha don IAA agat. Ní mhór duit an dóigh ar a bhfuil an riosca sa bhreis bainte ón rud a léiriú ar mhaithe len é a fháil, agus níl aon ráthaíocht ann go bhfaighfeá é, ach is tús é.
Cad faoi bheith i mo chliant, agus píolóta uaim chun job a dhéanamh? Conas a dhéantar sin?
Tá cúpla rud gur féidir a dhéanamh chun seo a choinneáilt chomh éasca, slán, agus saor agus gur féidir, agus tú ag smaoineamh ar seirbhís ar nós Acmhainní Teoranta a cheapadh chun rud a thaifeadadh duit.
- Faigh duine éicint atá cláraithe, ceadúnaithe, agus árachaithe – tá liosta ar suíomh an IAA – ach ar mhaithe le am a shábháil, tá Acmhainní Teoranta ar an liosta sin.
- Tábhair rabhadh seachtaine dóibh ar mhaithe le phleanáil mar is ceart a dhéanamh.
- Bí réidh fá choinne cuairt ar an suíomh. Seans go mbeidh orthu cuairt a thábhairt le recce a dhéanamh, cead a fháil bóthar a dúnadh, aon rud mar sin. Bíonn níos lú riosca i gceist ag an tráth sin sula gcuirtear lomaire léana bun os cionn thar do chloigeann.
- Tá saineolas faoi leith ag na daoine seo. Bí réidh l’íoc as. In amannaí, ní féidir geallúint gur féidir eitilt slán a bheadh ann, agus is ar an bpíolóta an cinneadh sin a dhéanamh atá sé, agus ar an bpíolóta ach amháin. Baineann muid trial as an cinneadh sin a dhéanamh a luaithe agus gur féidir, ar mhaithe le costas níos mó a sheachaint.
- Fan glan ón píolóta. Creid é nó ná chreid, is riosca faoi leith an cliant a bheith ar an láthair agus tú ag iarraidh gach rud a chomaid slán.
- Bain sult as an eispearachas, ach déan macnamh ceart ar an buiséid. Ní rud beag é, agus ní féidir geallúint go maith tú in ann an rud a thaifeadadh ar an lá. Seans go mbeadh ar píolóta teacht ar ais chugat. Ach cuimhnigh ar seo: tá craic ag baint le dordán a eitilt, agus bíonn spéis ag daoine ann i gcónaí. Éist le píolóta nó le giolla nuair a dheireann siad go bhfuil ort seasamh siar. Tá siad san buartha faoi sláinte is agat, mar aon le gach duine eile, agus iad ag obair, agus tuigeann siad conas é a chosaint.
Freagra ar bith